MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)
Forléargas ar an gCúrsa
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san Ollscoil. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh an scoláire staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne chomh maith le staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara (nó Dún na nGall) agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: bíonn deis ag na scoláirí tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir agus faigheann siad taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán, agus iad ag feidhmiú mar 'chleachtóirí machnamhacha' sa mhórchraoltóir náisiúnta.
Tá an clár 90 ECTS seo ar fáil in imeacht aon bhliain amháin (lánaimseartha) nó go páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Is féidir tabhairt faoin gclár ar bhonn modúil. Beidh mic léinn i dteideal na cáilíochta Dioplóma Iarchéime ach 60 ECTS a bhaint amach sa chlár múinte, nó dul ar aghaidh agus an cháilíocht Máistir i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint trí thionscadal taighde féinstiúrtha a chur i gcrích go sásúil agus na creidiúintí 90 ECTS a bhaint.
Aidhm an chláir
Cumasc tomhaiste den staidéar acadúil agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe a chur ar fáil sna meáin agus i gcrúthu ábhair a chuirfidh ar chumas céimithe an chláir feidhmiú mar 'chleachtóirí machnamhacha' sna meáin chumarsáide chomhaimseartha agus cur lena gcumas i gcumarsáid na Gaeilge.
Cuspóirí an chláir
- Staidéar a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus ar na suíomhanna éagsúla ina bhfeidhmíonn na meáin chomhaimseartha d'fhonn anailís chriticiúil a dhéanamh ar a ról i múnlú na n-acmhainní siombalacha trína dtagann daoine ar thuiscintí faoin tsochaí mórthimpeall orthu.
- Foghlaim ó thaithí a chur ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúil oibreoirí na meán agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúil sna meáin chomhaimseartha.
- Sintéis éifeachtach idir an teoiric agus an phraitic a aimsiú d'fhonn forbairt intleachtúil, acadúil agus ghairmiúil na scoláirí mar ‘chleachtóirí machnamhacha’ a chur chun cinn.
- Cur le cumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl agus i láthair go héifeachtach agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge ag imeachtaí poiblí agus os comhair ceamara nó micreafóin.
Torthaí foghlama an chláir
Ar chríoch an chláir beidh an scoláire in ann:
- Iniúchadh a dhéanamh ar an saol cumarsáide comhaimseartha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
- Léargas criticiúil a thabhairt ar ról agus ar thábhacht na meán cumarsáide i bpobail mhionlaigh i ré an mhórchultúir idirnáisiúnta.
- Anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí don tsochaí a bhaineann leis na hathruithe atá ag titim amach san iriseoireacht, i saol na craoltóireachta, na scannánaíochta agus sna hilmheáin.
- Feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge.
Modh staidéir agus seachadadh an chláir
Reáchtálfar an clár léinn ar bhonn lánaimseartha in imeacht aon bhliain amháin agus ar bhonn páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Reáchtálfar an clár múinte (Seimeastar 1 & 2) ar phríomhchampas Ollscoil na Gaillimhe, Gaillimh agus beidh tréimhsí foghlama ar an láthair oibre ag deireadh seimeastar 1 agus 2 leis an gcraoltóir náisiúnta poiblí RTÉ. Cuirfear an chéad tréimhse i gcrích i Mí na Nollag i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Co. na Gaillimhe, i stiúideonna nuachta TG4 i mBaile na hAbhainn, Co na Gaillimhe nó i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga, Co Dhún na nGall. Cuirfear an dara tréimhse i gcrích i Mí Bealtaine in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.
Iarratais agus roghnúchán
Déan iarratas ag www.universityofgalway.ie/postgraduateapplications.
Féadfar agallamh a shocrú le hiarrthóirí d’fhonn a gcumas sa Ghaeilge a mheas, agus, de réir mar a fheileann, féadfar samplaí den obair ábhartha atá déanta ag iarrthóirí sna meáin nó i réimsí gaolmhara roimhe seo a iarradh.
Eolas faoi na teagascóirí
Seán Breathnach, BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
An Dr Dan Dwyer, BA, MA, PhD - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
Carmel Ní Bhriain, BA, MA, Diop. sa Ghaeilge - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
Norita Ní Chartúir, BA, A.D.O - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
An Dr Rose Ní Dhubhda, PhD - Léachtóir san Aonad Aistriúcháin & Ateangaireachta
Gearóid Ó Cadhain, BSc, MSc - Léachtóir in Aonad Theicneolaíocht na Faisnéise
Aodh Ó Coileáin, BA, LLB, LLM - Léachtóir sna Meáin
Fionn Ó Sealbhaigh, BA, MA - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
Riachtanais agus measúnú
Déanfar measúnóireacht ar an gclár múinte go príomha tríd an measúnóireacht leanúnach.
Déanfar measúnóireacht ar an Tionscadal Taighde Féinstiúrtha ag deireadh an chláir.
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Éilítear caighdeán Gaeilge ag leibhéal C1 den Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha mar bhunriachtanas iontrála. Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Lánaimseartha: Bliain amháin.
Páirtaimseartha: Dhá bhliain.
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2025
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
15
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
Modh staidéir
Meáchan ECTS
Dámhachtain
Cód CAO
Cód
MA–MEAL-CGM
Dioplóma Iarchéime–DIAR-CGM
Imlíne an chúrsa
Tugann croímhodúil an chúrsa forléargas do na scoláirí ar na príomhréimsí acadúla agus scile a bhaineann le hearnáil na Cumarsáide chomh maith le dhá thréimhse foghlama in RTÉ. Clúdaítear na croímhodúil seo i seimeastar 1 (30 ECTS) agus 2 (30 ECTS). Sa leagan páirt-aimseartha clúdaítear 15 ECTS in aghaidh an tseimeastair thar dhá bhliain.
Cód |
Modúl MA |
Seimeastar |
ECTS |
CU6104 |
Na Meáin agus a Luchtanna Féachana
|
1 |
5 |
CU107 |
Scriptscríbhneoireacht don Scáileán
|
1 |
5 |
CU113 |
Eiticí agus Litearthacht na Meán
|
1 |
5 |
LT101 |
Cruinnscríobh na Gaeilge 1
|
1 |
10 |
CU6107 |
Foghlaim ar an Láthair 1 (Conamara, Dún na nGall nó Ciarraí)
|
1 |
(5) |
CU6105 |
Cruthú Ábhair
|
2 |
5 |
CU6106 |
Nuálaíocht, Geilleagar agus Rialú na Meán.
|
2 |
5 |
CU6108 |
Modheolaíochtaí Taighde Comhaimseartha
|
2 |
5 |
LT102
|
Cruinnscríobh na Gaeilge 2
|
2 |
10 |
CU6107 |
Foghlaim ar an Láthair 2 (Baile Átha Cliath)
|
2 |
(5) |
An tionscadal taighde féinstiúrtha (30 ECTS):
Ar chríochnú an chláir mhúinte (60 ECTS) go sásúil dóibh, is féidir le scoláirí Dioplóma Iarchéime i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint amach, nó is féidir leo dul ar aghaidh agus MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a bhaint amach trí Thionscadal Taighde Féinstiúrtha (30 ECTS) a chur i gcrích le linn an tSamhraidh.Aontófar téama an tionscadail le foireann teagaisc an chláir le linn sheimeastar 2 agus ceapfar comhairleoir tionscadail a thabharfaidh aiseolas rialta ar obair an scoláire.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Beidh deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe an chláir i dtionscal na meán, i ngairmeacha gaolmhara, agus i réimse gairmeacha eile ina mbíonn sártuiscint agus taithí ar na meáin ina mbuntáistí sonracha. Ar na fostóirí sin tá RTÉ, TG4, BBC, stáisiúin raidió agus teilifíse áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus raidió, ardáin ilmheán, comhlachtaí caidrimh phoiblí, comhlachtaí stáit agus leathstáit, agus réimse leathan cuideachtaí agus gnólachtaí san earnáil phríobháideach. Beidh buntáiste ar leith ag céimithe an chláir, agus taithí agus tuiscint faighte acu ar ghnéithe nuálacha na meán comhaimseartha i saol na linne seo, mar shampla, trí ábhar éagsúil físe, fuaime agus scríofa a chruthú agus a fhoilsiú ar ardáin ilmheán éagsúla, agus trí iniúchadh acadúil a dhéanamh ar na próisis éagsúla a bhíonn i gceist le hionramháil na meán sa lá atá inniu ann.
- Taithí oibre an-suntasach le RTÉ le linn an chláir.
- Staidéar agus taithí ar an iriseoireacht, ar an gcraoltóireacht agus ar an gcruthú ábhair d’ardáin ilmheán.
- Iniúchadh ar na meáin sa saol comhaimseartha.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
€Eolas anseo: www.universityofgalway.ie/student-fees/how-much/postgraduate-fees/
Táillí: Teagasc
€
Táillí: Tobhach na mac léinn
€
Táillí: Neamh AE
€Eolas anseo: www.universityofgalway.ie/student-fees/how-much/postgraduate-fees/
Tuilleadh eolais
An Dr. Dan Dwyer, (Stiúrthóir an Chúrsa)
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Áras na Gaeilge,
Ollscoil na Gaillimhe
dan.dwyer@ollscoilnagaillimhe.ie
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
MA (Léann an Aistriúcháin) Aistriú Téacsanna / Fotheidealú PDF (140 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (200 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)