Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin)
Forléargas ar an gCúrsa
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint a fháil i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfidh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar ghnéithe éagsúla de ghramadach na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith maidir le cúrsaí stíle, téarmaíochta agus eagarthóireachta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, oireann an cúrsa seo go paiteanta do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.
Tá gach mac léinn a chláraíonn ar an gcúrsa seo i dteideal scoláireacht a fháil. Moltar don iarratasóir teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa chun breis eolais a fháil faoi na deiseanna seo.
Iarratais agus roghnúchán
Déan iarratas ag www.universityofgalway.ie/postgraduateapplications
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Riachtanais Iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag Leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.
Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Reáchtálfar an cúrsa ar bhonn páirtaimseartha in imeacht bliain amháin (30 ECTS) nó in imeacht dhá bhliain (15 ECTS sa bhliain).
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2025
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
15
Spriocdháta
Ar bhonn rollach—féach: Spriocdhátaí
Leibhéal NFQ
9
Modh staidéir
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Teastas Iarchéime ag leibhéal 9
Cód CAO
Cód
TIAR-LEA
Imlíne an chúrsa
Déantar na mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge ar an gcúrsa seo. Ina theannta sin, cuirtear príomh-mhíreanna gramadaí na Gaeilge i láthair na mac léinn ó thús go deireadh. Dírítear ar stair agus ar fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil agus téitear i ngleic leis na pointí gramadaí is dúshlánaí atá cuimsithe sa Chaighdeán Oifigiúil.
Ó tharla go bhfuil deiseanna den scoth anois in Éirinn agus san Eoraip dóibh siúd a bhfuil cáilíocht aistriúcháin nó teanga acu, tá an cúrsa iarchéime seo ina cháilíocht an-phraiticiúil dóibh siúd ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla. Chuige sin, dírítear ar na scileanna teanga, teicneolaíochta agus proifisiúnta is riachtanaí lena linn chun gabháil le ceird an aistriúcháin.
Modúil an chúrsa
- LT6105: Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge)
- LT6101: An Caighdeán Oifigiúil
- LN6111: Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge
- LT6109: Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge)
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Deiseanna Gairme
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha.
Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus eagraíochtaí stáit.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
€2,570 don Teastas Iarchéime iomlán
Táillí: Teagasc
€
Táillí: Tobhach na mac léinn
€
Táillí: Neamh AE
€
Tuilleadh eolais
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
MA (Léann an Aistriúcháin) Aistriú Téacsanna / Fotheidealú PDF (140 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (200 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)