Leagan Béarla

Cuireann Seirbhís Aistriúcháin Ollscoil na Gaillimhe seirbhís aistriúcháin, profála agus eagarthóireachta ar fáil do rannóga acadúla agus riaracháin na hOllscoile, rud a chuidíonn leis an Ollscoil ina haidhm pobal fíordhátheangach ar an gcampas a chothú agus na ceanglais reachtúla atá ar an Ollscoil de bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh.  Cloíonn an tSeirbhís Aistriúcháin le ISO17100:2015 (aistriúchán agus seirbhísí aistriúcháin) a chuimsíonn caighdeáin a bhaineann le bainistíocht tionscadail aistriúcháin, an próiseas aistriúcháin agus áiseanna teicniúla agus teicneolaíochta.

Sa tSeirbhís Aistriúcháin, cuirtear seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairle teanga ar fáil d’fhoireann na hOllscoile. Ní chuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil do mhic léinn.

TREORACHA DO CHUSTAIMÉIRÍ:

Seo a leanas an bealach le seirbhís aistriúcháin nó profála a iarraidh ar an tSeirbhís Aistriúcháin:

  1. Seol an comhad Word atá le haistriú nó le profáil chuig aistriuchan@ollscoilnagaillimhe.ie. Ní ghlactar leis an téacs ach i gcáipéis Word, fiú mura bhfuil i gceist ach cúpla focal/téarma.
  2. Sa ríomhphost céanna seol an fhoirm iarratais, líonta ina hiomláine. Tá cóip den fhoirm le fáil ag an nasc seo: Foirm na Seirbhíse Aistriúcháin.
  3. Tabhair comhthéacs an aistriúcháin agus mínigh aon saintéarmaí/coincheapa nua atá in úsáid ann.
  4. Is faoin té a rinne an t-iarratas formáidiú a dhéanamh ar an aistriúchán chun go mbeidh sé ag teacht leis an mbunleagan.

Clárófar d’iarratas sa sceideal oibre ansin agus tabharfar uimhir thagartha ar leith dó. Déanfaidh an t-aistritheoir teagmháil leat má bhíonn aon cheist acu. Oibríonn aistritheoir agus eagarthóir ar gach téacs. Seolfar an téacs aistrithe ar ais chugat nuair a bheidh an próiseas aistriúcháin agus athbhreithnithe curtha i gcrích.

ORD TOSAÍOCHTA

Seo a leanas an t-ord tosaíochta a bhaineann le hobair na Seirbhíse Aistriúcháin:

  1. Dualgais Ollscoil na Gaillimhe faoi Scéimeanna Teanga Ollscoil na Gaillimhe.
  2. Dualgais reachtúla Ollscoil na Gaillimhe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
  3. Dualgais reachtúla Ollscoil na Gaillimhe faoi Acht na nOllscoileanna, 1997.
  4. Dualgais a bhaineann le Straitéis na Gaeilge 2021-2025 (Ollscoil na Gaillimhe).
  5. Aistriúcháin a thagann faoi réir pholasaí na hOllscoile maidir le campas eiseamláireach dátheangach a chruthú.

TABHAIR FAOI DEARA, LE DO THOIL:

  • Tá am agus dua i gceist le haistriúchán Gaeilge ar ardchaighdeán. Cuir an t-am seo san áireamh agus spriocdháta á mholadh agat.
  • Abair linn é a luaithe is féidir leat roimh ré má tá cáipéis phráinneach á hullmhú agat.
  • Ní féidir leis an tSeirbhís ábhar aistrithe ná profáilte a chur ar ais an lá céanna.
  • Chun bheith cinnte go bhfuair an tSeirbhís d’iarratas bain úsáid as an áis Request read receipt ar do ríomhphost.
  • Molaimid go dtabharfaí tús áite don leagan Gaeilge i ríomhphoist dhátheangacha etc. Má bhíonn an téacs Béarla léite ag daoine ní léifidh siad an leagan Gaeilge. Mura bhfuil Gaeilge ag duine leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an leagan Béarla.
  • Ní chuirtear aistriúchán ar fáil ar ábhar atá seolta amach chuig an bhfoireann cheana féin i mBéarla amháin.
  • Is seirbhís profála amháin a chuireann an tSeirbhís Aistriúcháin ar fáil do na haonaid san Ollscoil atá ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Teagmháil

An tSeirbhís Aistriúcháin, 
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, 
Ollscoil na Gaillimhe,
Gaillimh. 

Rphost: aistriuchan@ollscoilnagaillimhe.ie