Gradam Sárchaighdeáin AD sa Taighde – Straitéis & Plean Gnímh

Tá ard-mheas ag Ollscoil na Gaillimhe ar an nGradam Sárchaighdeáin AD sa Taighde (HRS4R) ó Choimisiún na hEorpa, agus tá sé leabaithe i gcroílár ár bpobail taighde anois dá bharr. Bronnadh an HRS4R ar Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2013 agus d’éirigh léi an gradam seo a choinneáil ó shin i leith. Tá ár Straitéis agus Plean Gnímh AD, 2024-2027 ann chun tacú lenár bpobal taighde go léir (taighdeoirí iarchéime, taighdeoirí iardhochtúireachta, comhaltaí taighde, agus comhaltaí sinsearacha taighde). Cliceáil anseo chun teacht ar ár Straitéis agus Plean Gnímh reatha do 2024-2027. 

In Ollscoil na Gaillimhe, déantar earcaíocht bunaithe ar phrionsabail maidir le hEarcaíocht Oscailte, Thrédhearcach, agus Fhiúntas-bhunaithe (OTM-R) agus tá sraith inniúlachtaí forbartha againn chun cabhrú le modh córasach oibiachtúil a sholáthar chun daoine a mheas agus a roghnú. Is féidir teacht ar ár bPolasaí OTM-R anseo.

Plean Gnímh 2024-2027 – Tuarascálacha dul chun cinn go dtí seo

January 2025 report

June 2024 report

Céard iad an Chairt agus an Cód?

Is é aidhm Chairt na hEorpa do Thaighdeoirí ná a chinntiú go n-éiríonn leis an gcaidreamh idir taighdeoirí agus a gcuid fostóirí eolas a ghiniúint, a aistriú agus a roinnt go héifeachtach, mar aon le forbairt ghairmiúil na dtaighdeoirí a chothú ó thús a gcuid conarthaí ar aghaidh.

Tá an Cód Iompair Earcaíochta Taighdeoirí ann lena dheimhniú go bhfuil na nósanna imeachta roghnúcháin cóir agus trédhearcach. Níor chóir foilseacháin amháin a úsáid mar shlat tomhais d’fhiúntas taighdeora; ba cheart critéir mheastóireachta níos leithne ná sin a chur san áireamh ar nós oideachais agus teagaisc, taithí stiúrtha, obair foirne, aistriú eolais, taithí bainistíochta agus imeachtaí feasachta poiblí. Treisíodh an Cód Iompair arís in 2017 agus an Polasaí le haghaidh Earcaíocht Oscailte, Thrédhearcach, Fhiúntach agus Inniúlacht-bhunaithe (OTM-R) tugtha isteach, polasaí is gá do gach iarrthóir ar an HRS4R fianaise a sholáthar ina leith go bhfuiltear á chur i bhfeidhm.

Dul chun cinn déanta ag Ollscoil na Gaillimhe

In 2013 agus 2015 rinne measúnóirí de chuid an AE athbhreithniú ó chian ar ár n-iarratas agus ar ár n-iarratas athnuachana ar an ngradam. Faoin bpróiseas nua HRS4R, atá níos láidre, bhí triúr measúnóirí de chuid an AE chun cuairt a thabhairt ar an láthair i mí Márta 2020, ach de thoradh na paindéime rinneadh ar líne é i mí Mheán Fómhair 2020. Rinneadh an t-iarratas is deireanaí uainn a athnuachan in 2024 agus dá réir sin mairfidh ár bplean gnímh reatha go dtí 2027.

Cé atá páirteach sa Ghrúpa Oibre agus sa Choiste Stiúrtha? 

Tá ár nGrúpa Oibre comhdhéanta d’ionadaithe fud fad na hollscoile, ina measc: 

  • Oifig an Leas-Uachtaráin don Taighde & Nuálaíocht
  • An tIonad Forbartha Taighdeoirí
  • Oifig an Leas-Uachtaráin Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe
  • Acmhainní Daonna
  • An Oifig Staidéir Iarchéime
  • Oifig an Uachtaráin (Straitéis & Riosca)
  • Pleanáil & Taighde Institiúideach
  • An Oifig Feabhais
  • Oifig na gCuntas Taighde
  • Oifig na gCuntas Airgeadais
  • An Leabharlann
  • An Oifig Margaíochta & Cumarsáide
  • An Oifig Idirnáisiúnta
  • Taighdeoirí
  • Líonra na Foirne Idirnáisiúnta
  • Ionadaithe Coláiste

Is é an Grúpa Stiúrtha ár gCoiste Taighde a thagann le chéile ar bhonn rialta i rith na bliana. 

Tuilleadh eolais agus pointe teagmhála:

Sárchaighdeán AD sa Taighde

HR Excellence in Research