- 
					Cúrsaí
					
		Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
 - 
					Saol na hOllscoile
					
		Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
 - 
					Eolas Fúinn
					
		Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
 - 
					Coláistí & Scoileanna
					
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
 - Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
 - Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
 - Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
 - Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
 - Roinn na Gaeilge
 - An tAcadamh
 - Stair
 - Idirnáisiúnta
 
		Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
 - 
					Taighde
					
		Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
 - 
					Gnó & Tionscal
					
		Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
 - 
					Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
					
		Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
 - 
					Rannpháirtíocht Pobail
					
		Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
 
Seirbhísí Glantacháin
.png)
Seirbhísí Glantacháin
Glanadh Ginearálta
Tá Foirgnimh & Eastáit freagrach as glanadh inmheánach gach foirgneamh Ollscoile. Foireann inmheánach agus foireann ar conradh a dhéanann an glanadh. Má tá aon cheist nó iarratas agat maidir leis an tseirbhís glantacháin, seol ríomhphost chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie
Seirbhísí breise glantacháin
Is féidir seirbhísí breise glantacháin a shocrú e.g. glanadh cairpéad, sciúradh iomlán, glanadh d’ócáidí. Seol ríomhphost chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie le sonraí d’iarratais. Socróidh Foirgnimh & Eastáit go ndéanfaidh ár gconraitheoir faofa glantacháin an obair. Eiseoidh an conraitheoir glantacháin sonrasc ar leith le haghaidh chostas an ghlantacháin bhreise don aonad a d’iarr é.
Glanadh na bhFuinneog
Déanann conraitheoir glantacháin seachtrach na fuinneoga istigh agus amuigh a ghlanadh gach bliain idir Iúil agus Meán Fómhair. Glantar fuinneoga ar bhonn foirgneamh ar fhoirgneamh.
Seirbhís Lóistíochta an Champais
Soláthraíonn Foirgnimh & Eastáit seirbhís freastail agus maoirseachta chun tacú le reáchtáil na hOllscoile. Láimhseálann an fhoireann tascanna éagsúla, lena n-áirítear socrú d’imeachtaí, bailiú agus seachadadh earraí nó trealaimh, aistriú oifige/saotharlainne agus seachadadh poist, agus iad ar fad ag tacú le riachtanais oibríochtúla éagsúla phobal na hollscoile.
Chun trealamh nó earraí eile a iompar, is féidir leat ríomhphost a chur chugainn ag buildingsandestates@universityofgalway.ie
Agus iarratas á dhéanamh agat, ní mór duit a lua go soiléir:
- Láthair bheacht an ábhair atá le bogadh
 - Deimhniú go bhfuil an t-ábhar féin marcáilte go soiléir le comharthaíocht oiriúnach
 - Ceann scríbe cruinn do na hearraí
 - Meastachán de mheáchan na n-earraí
 - Cuir grianghraf ar fáil más féidir ionas gur féidir linn na hacmhainní a theastaíonn a mheas
 - Má tá an t-ábhar á bhaint as saotharlann, ní mór an Deimhniú Dí-éillithe a scanadh agus a sheoladh ar rphost le d'iarratas. Ní bheifear in ann d’iarratas a sceidealú go dtí go mbeidh cóip den deimhniú faighte
 
Caithfidh an t-iarratasóir a bheith ar fáil ar an nguthán ag am sceidealaithe an bhailiúcháin.
Foirgnimh Sheachfhoinsithe
Déantar seirbhísí i roinnt foirgneamh a chur amach ar conradh chuig na conraitheoirí speisialta Neylons, déan teagmháil lena ndeasc chabhrach mar seo a leanas: helpdesk@neylons.ie
Teil: 091-353505
Maidir le gach iarratas cothabhála foirgnimh, deisiúcháin nó glantacháin bain úsáid as na sonraí teagmhála thuas agus luaigh na nithe seo a leanas:
- D’ainm
 - D'uimhir ghutháin
 - Do ríomhphost
 - Uimhir an Fhoirgnimh
 - Suíomh
 - Tosaíocht (Íseal/Meán/Ard)
 - Déan cur síos ar an bhfadhb
 - (Cuir grianghraif ar fáil nuair is féidir)
 
				