-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Disability Access Route to Education (DARE)
Cad is brí le DARE?
Is scéim iontrála tríú leibhéal de chineál eile atá i gceist le DARE atá ar fáil do lucht fágála scoile ar chuir a míchumas isteach ar a n-oideachas dara leibhéal. Cuirtear áiteanna ar phointí laghdaithe ar fáil faoin scéim DARE do lucht fágála scoile a mbíonn dúshláin bhreise oideachais le sárú acu san oideachas dara leibhéal, de bharr go bhfuil míchumas orthu. Foinse: accesscollege.ie
Leithdháileadh Áiteanna DARE ar Phointí Laghdaithe
Cuirtear áiteanna ar phointí laghdaithe ar fáil faoin scéim DARE do lucht fágála scoile a mbíonn dúshláin bhreise oideachais le sárú acu san oideachas dara leibhéal, de bharr go bhfuil míchumas orthu.
Tá cuóta pointí laghdaithe ag Ollscoil na Gaillimhe d’iarratasóirí incháilithe DARE; athraíonn an cuóta seo ó bhliain go bliain.
Má mheastar go bhfuil iarratasóir incháilithe don scéim DARE, déanfar cinneadh maidir le háit ar phointí laghdaithe a thairiscint:
- má tá 300 pointe ar a laghad acu &
- má chomhlíonann siad na riachtanais mháithreánaigh don chúrsa.
I gcás fhormhór na gcúrsaí, bíonn iontráil iomaíoch i gceist mar go bhfuil níos mó iarratasóirí incháilithe DARE ann ná mar atá áiteanna ar phointí laghdaithe. Tá tús áite á thabhairt ó 2016 i leith d’iarratasóirí incháilithe DARE atá faoi mhíchumas fisiceach agus céadfach (dall/lagú radhairc nó bodhar/lagú éisteachta go sonrach), agus dóibh siúd atá incháilithe faoi DARE agus HEAR araon. Déantar na háiteanna atá fágtha, más ann dóibh, a shannadh bunaithe ar rangú na bpointí agus cinneann na pointí a theastaíonn don chúrsa an laghdú a cheadaítear: dá airde an riachtanas pointí don chúrsa, is mó an laghdú féideartha, agus laghdú uasta de 18% i bhfeidhm.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi DARE téigh chuig www.accesscollege.ie nó féach ar Fhoirmeacha, Treoracha agus Acmhainní DARE.