Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cén fáth Gaillimh? Tá Gaillimh fós ag tabhairt léi an teideal ‘Príomhchathair Chultúir na hÉireann’ – rud a chuireann goimh ar dhaoine nach de bhunadh na cathrach iad – agus is inti a aimseofar Amharclann an Druid, An Taibhdhearc, Féile Ealaíon na Gaillimhe, Féile Pháistí Babaró, Cúirt – An Féile Idirnáisiúnta Litríochta, agus Macnas – dream a bhí ar thús cadhnaíochta ó thaobh na hamharclannaíochta sráide de in Éirinn.
Le hOileáin Árann in aice láimhe agus saibhreas an cheoil le fáil i gcontaetha an Chláir agus Shligigh máguaird, tá Gaillimh aitheanta mar Chathair Scannán UNESCO agus beidh sí ainmnithe ina príomhchathair dhátheangach na hÉireann sula i bhfad. Luíonn Gaeltacht Chonamara – an Ghaeltacht is mó sa tír – achar gearr ón gcathair, agus fágann na healaíona traidisiúnta – amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós – a lorg féin ar ilchineálacht chultúrtha shíorathraitheach na cathrach.
Cén fáth a ndéanfá staidéar ar an Léann Éireannach? Cuireann an Léann Éireannach teagasc i ngrúpaí beaga i dtimpeallacht thacúil ar fáil chomh maith le clár léinn atá deartha chun freastal ar shainriachtanais gach aon scoláire, á n-ullmhú don saol agus don obair lasmuigh den seomra ranga le raon leathan scileanna inaistrithe ag an am céanna lena n-eolas agus a dtuiscint ar chultúr comhaimseartha na hÉireann a threisiú.
Tá céimithe dár gcuid imithe ar aghaidh chun obair sna hearnálacha oideachais, iriseoireachta, riaracháin agus margaíochta, mar aon le breis staidéir a dhéanamh in Éirinn agus thar lear. Lena cois sin, bronnadh dámhachtainí maoinithe taighde mór le rá, go náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar chéimithe sa Léann Éireannach.
Cén fáth mise? Feileann an Léann Éireannach go háirithe do mhic léinn a bhfuil spéis mhór acu i litríocht, ceol, stair, teanga agus cultúr comhaimseartha na hÉireann. Leagaimid béim ar leith inár gcláir ar fad – ag leibhéal bunchéime agus iarchéime araon – ar chuir chuige úra i leith scríbhneoireacht, cheol agus dhamhsa na hÉireann, idir stíl choitianta agus stíl thraidisiúnta.
Céard a deir na rannpháirtithe?
Cé a deir? ‘Ba phléisiúir é freastal ar sheimineáir an Léinn Éireannaigh de bharr atmaisféar cairdiúil an chúrsa, scoth an chúnaimh a bhí ar fáil i gcónaí, agus na sárléachtaí fonnmhara. D’fhoghlaimeodh aon duine a bhfuil spéis acu i stair, filíocht agus cultúr na hÉireann, agus gach rud eile a bhaineann le hÉirinn, go leor ón ábhar a cuireadh i láthair. Ní bheidh díomá ort, agus fágfaidh sé a lorg ar do shaol go brách.’ Iain Mac Carlúis
Eolas faoinár nIonad
Ó bunaíodh Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2000, tá cáil gnóthaithe aige mar cheann de na hionaid is fearr ar domhan don taighde ildisciplíneach agus ardteagasc ar shaothar cultúrtha, sóisialta agus polaitiúil mhuintir na hÉireann.
Rinneadh athchóiriú ar fhoirgneamh an Ionaid, Teach Martha Fox, sa bhliain 2002 le spás a chruthú do suas le dáréag comhaltaí foirne le haghaidh taighde agus teagaisc. Tá an spás solúbtha teagaisc sách mór chun glacadh le formhór dár gcláir mhúinte chomh maith le roinnt tionscnamh ealaíon agus pobail atá lárnach don chaidreamh idir an tIonad agus an pobal i gcoitinne.
Ceardlanna amhránaíochta ar an Sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta in Ollscoil na Gaillimhe
Tabharfaidh Mairéad Ní Fhlatharta, Amhránaí Cónaitheach ar an Sean-Nós 2024 in Ollscoil na Gaillimhe, faoin dara sraith de cheardlanna amhránaíochta ar an sean-nós ag tosú ag 6pm, Dé Máirt, an 29 Deireadh Fómhair agus an 5, an 12 agus an 19 Samhain. Beidh na ceardlanna ar siúl sa Seomra Seimineáir in Ionad an Léinn Éireannaigh, Bóthar na Drioglainne, Ollscoil na Gaillimhe.
Tá Mairéad ag tnúth leis an dara sraith de cheardlanna atá saor in aisce agus oscailte do chách.
Tá fianáin ag teastáil ó roinnt gnéithe chun go n-oibreoidh siad i gceart. Ina theannta sin, ligeann fianáin dúinn (a) cuimhneamh ar do chuid roghanna, (b) staitisticí úsáide anaithnide a bhailiú, agus (c) aon fhógraí ar líne le haghaidh nuigalway.ie a bhainistiú.
Ní stóráiltear aon sonraí pearsanta ar na fianáin seo ach, faoi dhlí AE, caithfimid an cheist seo a chur ort gach 6 mhí. Chun níos mó a fhoghlaim faoin Úsáid a bhainimid as fianáin, féach ar ár bPolasaí Príobháideachais.