An Léann Éireannach in Ollscoil na Gaillimhe

Ionad an Léinn Éireannaigh

Cén fáth Gaillimh?
Tá Gaillimh fós ag tabhairt léi an teideal ‘Príomhchathair Chultúir na hÉireann’ – rud a chuireann goimh ar dhaoine nach de bhunadh na cathrach iad – agus is inti a aimseofar Amharclann an Druid, An Taibhdhearc, Féile Ealaíon na Gaillimhe, Féile Pháistí Babaró, Cúirt – An Féile Idirnáisiúnta Litríochta, agus Macnas – dream a bhí ar thús cadhnaíochta ó thaobh na hamharclannaíochta sráide de in Éirinn.

Le hOileáin Árann in aice láimhe agus saibhreas an cheoil le fáil i gcontaetha an Chláir agus Shligigh máguaird, tá Gaillimh aitheanta mar Chathair Scannán UNESCO agus beidh sí ainmnithe ina príomhchathair dhátheangach na hÉireann sula i bhfad. Luíonn Gaeltacht Chonamara – an Ghaeltacht is mó sa tír – achar gearr ón gcathair, agus fágann na healaíona traidisiúnta – amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós – a lorg féin ar ilchineálacht chultúrtha shíorathraitheach na cathrach.

Cén fáth a ndéanfá staidéar ar an Léann Éireannach?
Cuireann an Léann Éireannach teagasc i ngrúpaí beaga i dtimpeallacht thacúil ar fáil chomh maith le clár léinn atá deartha chun freastal ar shainriachtanais gach aon scoláire, á n-ullmhú don saol agus don obair lasmuigh den seomra ranga le raon leathan scileanna inaistrithe ag an am céanna lena n-eolas agus a dtuiscint ar chultúr comhaimseartha na hÉireann a threisiú.

Tá céimithe dár gcuid imithe ar aghaidh chun obair sna hearnálacha oideachais, iriseoireachta, riaracháin agus margaíochta, mar aon le breis staidéir a dhéanamh in Éirinn agus thar lear. Lena cois sin, bronnadh dámhachtainí maoinithe taighde mór le rá, go náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar chéimithe sa Léann Éireannach.

Cén fáth mise?
Feileann an Léann Éireannach go háirithe do mhic léinn a bhfuil spéis mhór acu i litríocht, ceol, stair, teanga agus cultúr comhaimseartha na hÉireann. Leagaimid béim ar leith inár gcláir ar fad – ag leibhéal bunchéime agus iarchéime araon – ar chuir chuige úra i leith scríbhneoireacht, cheol agus dhamhsa na hÉireann, idir stíl choitianta agus stíl thraidisiúnta.

Céard a deir na rannpháirtithe?

 testimonial Cé a deir?
‘Ba phléisiúir é freastal ar sheimineáir an Léinn Éireannaigh de bharr atmaisféar cairdiúil an chúrsa, scoth an chúnaimh a bhí ar fáil i gcónaí, agus na sárléachtaí fonnmhara. D’fhoghlaimeodh aon duine a bhfuil spéis acu i stair, filíocht agus cultúr na hÉireann, agus gach rud eile a bhaineann le hÉirinn, go leor ón ábhar a cuireadh i láthair. Ní bheidh díomá ort, agus fágfaidh sé a lorg ar do shaol go brách.’                            
                                                                                                                                     Iain Mac Carlúis 

 


Eolas faoinár nIonad

Ó bunaíodh Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2000, tá cáil gnóthaithe aige mar cheann de na hionaid is fearr ar domhan don taighde ildisciplíneach agus ardteagasc ar shaothar cultúrtha, sóisialta agus polaitiúil mhuintir na hÉireann.

Rinneadh athchóiriú ar fhoirgneamh an Ionaid, Teach Martha Fox, sa bhliain 2002 le spás a chruthú do suas le dáréag comhaltaí foirne le haghaidh taighde agus teagaisc.  Tá an spás solúbtha teagaisc sách mór chun glacadh le formhór dár gcláir mhúinte chomh maith le roinnt tionscnamh ealaíon agus pobail atá lárnach don chaidreamh idir an tIonad agus an pobal i gcoitinne.  


Eolas Teagmhála

Ionad an Léinn Éireannaigh

Ollscoil na Gaillimhe,
Bóthar na hOllscoile, Gaillimh, Éire.
Teileafón: +353 (0)91 492051
R-phost: irishstudies@nuigalway.ie‌‌‌‌‌‌‌‌‌‌


An Nuacht is Deireanaí

An Nuacht is Deireanaí

Saileog Ní Cheannabháin appointed as Sean-nós Singer in Residence 2021

.

Tuilleadh eolais....