Reáchtálann an tIonad Rochtana in OÉ Gaillimh cláir i mbunscoileanna chathair na Gaillimhe chun go mbeidh na mic léinn i mbun machnaimh ar an oideachas tríú leibhéal agus chun eispéireas dearfach a chruthú trí idirghníomhaíochtaí éagsúla idir an mac léinn agus an ollscoil.

Tugtar 'Uni 4 U’ ar an tionscnamh bunscoile seo, clár saor in aisce atá ann agus is iad na ranganna sinsearacha a bhíonn páirteach ann.

Cuirtear tús le gníomhaíochtaí ‘Uni 4 U' i rang 4 agus leanann siad ar aghaidh i rang 5 agus 6.  Tráthnóna amháin gach seachtain i rith théarma an earraigh tugann mic léinn OÉG breis chúnaimh agus treorach do na daltaí, iad ag feidhmiú mar mheantóirí do na daltaí ar feadh thréimhse an chláir.  I ndiaidh dóibh obair bhaile a chríochnú, déantar uair an chloig de spóirt spreagúla agus cluichí spraíúla neartaithe foirne leis na daltaí in Áras na Mac Léinn.  Glacann páistí na scoile páirt i ngníomhaíochtaí a bhfuil an-tóir orthu ar a n-áirítear sacar agus cispheil ach lena cois sin foghlaimíonn siad spóirt nua amhail haca, dreapadh ar an mballa dreapadóireachta, Hip hap, spineáil agus lámhchleasaíocht.  Bhí imreoirí Galway United agus imreoirí CLG na Gaillimhe i láthair ag cuid de na seisiúin chun tacú le hiarrachtaí na bpáistí.

Is iad aidhmeanna sonracha an chláir cabhrú le mic léinn forbairt a dhéanamh go pearsanta ag cur lena féinmhuinín, misneach, scileanna cumarsáide agus iompraíocht shóisialta ach cluichí foirne agus gníomhaíochtaí spóirt a úsáid chomh maith lena bhfuil bainte amach acu ó thaobh an oideachais de, go háirithe feabhas ar scileanna uimhriúla agus litearthachta.

Éachtaí

Bronnadh Ghradaim UNI4U

Ag deireadh an chláir 'Uni 4 U', déantar éachtaí na ndaltaí uile a ghlac páirt sa chlár a cheiliúradh ag ócáid bhronnta. Eagraítear turais champais do dhaltaí agus a dtuismitheoirí ar an oíche agus bronnann aoi speisialta na teastais.

Gnéithe breise a bhaineann leis an gclár Bunscoile is ea campaí Samhraidh agus na Cásca agus gníomhaíochtaí cultúir atá nasctha leis an Oifig Ealaíon in OÉ Gaillimh.

Cuirtear ceardlanna ar fáil do mhic léinn rang 6 agus a gcuid tuismitheoirí ar Ullmhú don Mheánscoil, scileanna staidéir agus teicnící scrúdaithe. In 2018 rinne Geraldine Mills, an t-údar agus file leanaí agus scríbhneoir cónaithe, ceardlann scéalaíochta agus mar thoradh scríobh daltaí Rang 6 dán idirghníomhach dar teideal “In my schoolbag I've got.. ”

UNI4U 2018 Creative Writing Poem Geraldine Mills and 6th Class