An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla

Céard? Cuireann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla seisiúin teagaisc duine le duine ar fáil in aisce ar scríobh aistí, ceardlanna físeán agus cúrsa scríbhneoireachta don idirlíon & cúrsa eagarthóireachta piarmheasúnaithe.

Tá córas tosaíochta áirithinte do chomhairliúchán duine le duine i bhfeidhm do mhic léinn atá cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais.  Má bhíonn dúshláin ar bith romhat leis an scríbhneoireacht acadúil, moltar go láidir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ionad.   Chun coinne a dhéanamh linn, líon an fhoirm ar líne seo: Request an Appointment at the AWC / Iarratas a dhéanamh ar choinne leis an AWC. (office.com)

Cén áit? Tá an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla lonnaithe ar an dara hurlár i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin.

An tIonad SUMS

Céard? Is ionad tacaíochta buail isteach atá san Ionad SUMS don Mhatamaitic inar féidir le mic léinn uile Ollscoil na Gaillimhe obair a dhéanamh ar a gceisteanna matamaitice. Tá an tIonad á reáchtáil ag teagascóirí sároilte a chuireann tacaíocht aonair ar fáil, más gá.

Tá an rogha ag mic léinn a nochtadh go bhfuil siad cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais agus seisiún á chur in áirithe acu le SUMS. Má nochtann tú míchumas, beidh an rogha agat bualadh leis an Stiúrthóir chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr is féidir le SUMS tacú leat. Féach an t-amchlár agus nasc chuig an bhfoirm áirithinte.

Cén áit? Áras de Brun, Urlár na Talún C116