Seirbhís Teicneolaíochta Cúnta sa Leabharlann

Tá an tSeirbhís Teicneolaíochta Cúnta lonnaithe ar urlár na talún i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin agus níl an spás seo ar fáil ach do mhic léinn atá cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais.

Tá trí bhoth fhuaimdhíonacha ann, agus tá ríomhaire agus deasc ar féidir a ardú agus a ísliú i ngach ceann de na bothanna sin.Mac léinn amháin ag an am a bhíonn sna bothanna agus is féidir cúntóir pearsanta a bheith leis an mac léinn má dhéantar socrú roimh ré le foireann na Seirbhíse Tacaíochta Míchumais. Is féidir an both a chur in áirithe suas le trí lá roimh ré agus tá tús áite ag mic léinn a bhfuil feidhmchláir bogearraí ar leith uathu. Bain úsáid as an nasc seo le do thoil chun Both a chur in áirithe.

Pointe cabhrach na Teicneolaíochta Cúnta

Seisiúin ar fáil uair sa tseachtain ar líne

Cuirfear tús leis na seisiúin sheachtainiúla sa chéad Seimeastar de bhliain Acadúil 2023/2024.

Má bhíonn fadhbanna agat le comhaid Microsoft Office, Blackboard, ríomhphost, echo smartpen, cúnamh téacs nó má bhíonn ceisteanna sonracha agat faoi ghnéithe áirithe a fheidhmiú, tá tú san áit cheart chun an t-eolas seo a aimsiú. 

NÍ cúrsa oiliúna é seo ach deis chun obair a dhéanamh ar do chuid comhad féin sa Spás Oiliúna Teicneolaíochta Cúnta agus teagascóir a bheith ar fáil chun cabhrú leat leis na ceisteanna atá agat.

Conas coinne a dhéanamh

Déan teagmháil leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ag disabilityservice@universityofgalway.ie nó glaoigh ar 091 492913 chun coinne a dhéanamh leis an Oifigeach Teicneolaíochta Cúnta.

Trealamh Teicneolaíochta Cúnta

Beidh fáil ag mic léinn ar raon gléasanna bogearraí agus crua-earraí ag brath ar a gcuid riachtanas: 

Léamh & Scríobh 

Cuirtear tacaíocht litearthachta ar fáil chun cabhrú le mic léinn le léamh agus le scríobh.

 
Caption.ed 

Soláthraíonn Caption.Ed fortheidil thar a bheith cruinn agus glacann sé nótaí iontacha d’aon mheán beo nó réamhthaifeadta.

  • Tugann Caption.Ed an deis duit féachaint ar aon fhíseán laistigh de do Bhrabhsálaí Google Chrome nó Edge Chromium le fotheidil fíor-ama agus gheobhaidh tú tras-scríbhinn iomlán den fhís ansin 
  • Trascríobh ar fhíseán/ar fhuaim ar bith
  • Iarr cuntas anseo má tá tú cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais
  • Tá tuilleadh eolais le fáil ach breathnú ar an bhfíseán anseo
 caption.ed
Smartpen 

Déanann taifeadadh ar ábhar fuaime agus scríofa.

  • Déanann taifeadadh ar gach a scríobhann, a chloiseann nó a deir tú
  • Athsheinntear do chuid léachtaí ach cliceáil ar do chuid nótaí
  • Aistrítear do chuid nótaí agus míreanna fuaime chuig do ríomhaire 
 

Dragon Naturally Speaking
Bogearra le haghaidh guth a aithint. Tugtar deis duit:

  • Socrú a dhéanamh ar an ríomhaire do ghuth a aithint
  • Aistí agus cáipéisí a dheachtú ar do ríomhaire seachas iad a chlóscríobh
  • Do ghuth a úsáid chun ríomhaire a bhainistiú
  • Dragon Naturally Speaking V16
 

Taifeadán ‌Digiteach

Cuirtear taifeadadh digiteach ar ardchaighdeán ar fáil.

  • Do chuid léachtaí a athsheinm i bhformáid MP3 nó WMA
  • Do chuid comhad fuaime a aistriú chuig do ríomhaire nó ríomhaire glúine
 

Cuntas Grammarly Premium

 

BookShare

Cuireann UK education collection go mór le saol léitheoireachta na bhfoghlaimeoirí atá faoi mhíchumas léitheoireachta.

Is iomaí bealach ar féidir leabhair a fháil, a chiallaíonn gur féidir leat na leabhair atá againn a léamh ar bhealaí éagsúla.

  • Éist le leabhair le guthanna ar ardchaighdeán téacs go teanga
  • Éist agus breathnaigh ar fhocail aibhsithe ar an scáileán
  • Léigh le braille digiteach nó le cló méadaithe
  • Déanfar teagmháil le foilsitheoir ar do shon mura bhfuil mír le fáil sa chatalóg
  • Léigh go díreach ó do bhrabhsálaí Idirlín
  • Agus go leor eile!
 Bookshare Royal National Institute of Blind People (RNIB)

MindGenius

Bogearraí meabhairmhapála a thugann tacaíocht do mhic léinn lena n-obair chúrsa

  • Úsáid é chun nótaí a ghlacadh sa rang, liostaí le déanamh a chruthú go gasta, agus áit ar bith eile is gá duit modh tapa, iomasach a úsáid chun smaointe agus eolas a bhailiú agus smaoineamh orthu i gceart
  • Féadfaidh an próiseas chun meabhairmhapa a thógáil agus eolas a scaipeadh cabhrú le tuiscint a fháil ar ábhar ar bith
  • Is féidir é a úsáid chun cuidiú le heolas a rangú agus an t-eolas atá le cur san áireamh in aistí agus tionscadail a oibriú amach
  • Cabhraíonn sé gur féidir dath agus grafaicí a úsáid chun cuimhne na mac léinn uile a mhúscailt
  • Is uirlis mhaith spreagúil í dóibh siúd nach dtaitníonn leo a bheith ag scríobh
  • Tugann sé deis do mhic léinn an t-eolas uile a fheiceáil i gcomhthéacs, le focail, pictiúir, naisc, etc.
  • Tacaíonn sé leis an bhfoghlaim phearsanta chun stíleanna foghlama éagsúla a chur chun cinn
  • Treoracha chun é a Íoslódáil
  • Eolas Bunúsach maidir le MindGenius

 

MindGenius Logo
 Glean

Aip ghréasáin chun nótaí a bhreacadh.

  • Is uirlis breactha nótaí é Gleam atá bunaithe ar bhrabhsálaí Google Chrome. Is féidir é a úsáid ar líne nó as líne
  • Is féidir leat sleamhnáin a chur leis, Fuaim a Iompórtáil agus tá fiú gné trascríofa ann a chiallaíonn gur féidir leat fuaim a thiontú go téacs ach cliceáil ar chnaipe
  • Eolas a chur ar Glean! Tabhair cuairt ar an Tairseach Scileanna Glean chun níos mó a fhoghlaim
  • Cén chaoi úsáid a bhaint as Glean i ranganna ar líne
Glean logo

Teicneolaíocht Oideachais agus Acmhainní Inrochtana atá saor in aisce

Uirlisí Profála agus Téacs go Teanga:

Ginger

 

Grammarly

 

Rewordify 

  • Is bogearra léamhthuisceana agus foclóra atá cumhachtach, saor in aisce agus ar líne é Rewordify.com: Íoslódáil
  • Déanann Rewordify.com simpliú ar an mBéarla. Cuir abairtí crua (nó caibidlí iomlána) isteach sa bhosca buí ag barr an leathanaigh. Cliceáil ar Rewordify text, feicfidh tú leagan níos éasca láithreach, chun é a thuiscint níos sciobtha. Déantar na focail a athraítear a aibhsiú – cliceáil orthu chun na focail is deacra a chloisteáil agus a fhoghlaim.
 

Atbar

  • ATbar le fáil saor in aisce agus tugann sé deis duit cumas an leathanaigh a athrú, clómhéideanna a mhéadú agus a laghdú, an téacs a léamh os ard, forleagan daite a úsáid. Tá sé inléite agus foclóir ar fáil ann chun cuidiú leis an léitheoireacht. Seiceáil an litriú ar fhoirmeacha agus bain úsáid as tuar focal nuair atá tú ag scríobh. Is uirlis shimplí é atá ar fáil do na brabhsálaithe is mó tóirs.
 

 Endnote Web

  • Cruthaíonn sé luanna gréasáin go huathoibríoch i stíleanna tagartha APA, MLA, Chicago, nó Harvard ach cnaipe a chliceáil.
  • Féach an láithreán gréasáin
 
Léitheoir Scáileáin don Lucht Lagamhairc

NVDA (NonVisual Desktop Access)

    NVDA screenreader box

Aipeanna d’Fhón Cliste agus do Tháibléad:

ModMath

 Office Lens

  • Úsáideann Office Lens an ceamara ar do ghuthán chun cáipéisí a scanadh agus is féidir leat iad a shábháil ar do chuntas néalstórála e.g. Evernote nó é a roinnt ar ríomhphost. Tá sé thar cionn chun tarraingt ar d’ábhar tionscadail sa leabharlann
 
Teicneolaíochtaí chun Nótaí a Bhreacadh:

Evernote

  • Lig cead do Evernote an bealach a n-eagraíonn tú do chuid tionscadal pearsanta agus gairmiúil a athrú
  • Léim isteach: breac slám nótaí, cruthaigh liostaí le déanamh, déan taifeadadh ar léachtaí agus sábháil nithe a aimsíonn tú ar líne in Evernote. Déanfar gach rud a shioncronú le do ghuthán, táibléad, agus ríomhaire go huathoibríoch
  • Chun Evernote a shuiteáil ar do ríomhaire, úsáid an nasc seo: 
    Aip Mac https://itunes.apple.com/ie/app/evernote-capture-notes-sync/id281796108?mt=8
    Aip Android ó stóras Google.
  • Físeáin ar líne

 

Google Keep

  • Cuir a bhfuil ar d’intinn ar an taifead
  • Cuir nótaí, liostaí, pictiúir, agus fuaim le Keep.
Bogearraí Meabhairmhapa

Coggle

  • Acmhainní ar líne: is uirlis ar líne é Coggle a úsáidtear chun meabhairmhapaí a chruthú agus a roinnt. Oibríonn sé ar líne i do bhrabhsálaí: níl aon ní le híoslódáil ná le tabhairt cothrom le dáta.
  • Logáil isteach chun meabhairmhapaí a úsáid anois!
  • Féach an físeán https://youtu.be/YC4O4vb7IXo
  • Tá an láithreán gréasáin le fáil anseo https://coggle.it/

FreeMind

 
Formhéadú, Athrú ar Scáileán

Screen Tinter

 

T-Bar

  • Is barra daite atá sa T-Bar ar féidir leat é a tharraingt timpeall an scáileáin nó é a ghlasáil le do luchóg. Is féidir línte rialaithe a léiriú más mian leat é
  • Is féidir an dath a roghnú ó na roghanna réamhshainithe, agus ansin é a dheasú beagán ach an sleamhnán dearg, glas nó gorm a athrú chun an dath ceart a aimsiú, is féidir an leibhéal trédhearcachta a athrú, bunaithe ar do rogha féin
  • Déantar na socruithe uile a shábháil idir gach seisiún, mar sin ní gá iad a athshocrú an chéad uair eile a úsáideann tú é
  • Íoslódáil ó http://www.fx-software.co.uk/tbar.htm (oibríonn sé ar pdf)
 

ATbar

  • Tá ATbar ar fáil saor in aisce agus tugann sé deis duit cumas an leathanaigh a athrú, clómhéideanna a mhéadú agus a laghdú, an téacs a léamh os ard, agus forleagan daite a úsáid. Tá sé inléite agus tá foclóir ar fáil chun cuidiú leis an léitheoireacht
  • Leaganacha litrithe agus bain úsáid as tuar focal nuair atá tú ag scríobh. Is uirlis shimplí é atá ar fáil do na brabhsálaithe is mó tóir
  • Téigh chuig an láithreán gréasáin https://www.atbar.org/
 
Aireachas agus Suaimhneas

An Aip Calm

  • Déan machnamh, glac sos, tarraing anáil & bain sult as aireachas simplí treoraithe chun strus a laghdú
  • Is aip aireachais agus machnaimh saor in aisce é Calm a thugann treoir duit agus tú i mbun cleachtaí gearra machnaimh
  • Tá sé le fáil mar aip saor in aisce nó mar láithreán gréasáin. Féadfaidh tú íomhánna suaimhneacha éagsúla faoin nádúr a roghnú agus ansin seisiún suaimhnis 2, 10, nó 20 nóiméad a roghnú. Treoraíonn tráchtaire thú tríd an seisiún, ag rá leat do chuid súile a dhúnadh, díriú ar do chuid análaithe, etc.
  • Féach láithreán gréasáin Calm anseo.
 
Acmhainní Clóscríbhneoireachta
 

Microsoft Office – Teagasc ar líne

  • Is bailiúchán riachtanach d’fheidhmchláir deisce atá sa phacáiste Microsoft Office lena n-áirítear Word do cháipéisí, Excel do scarbhileoga, PowerPoint do chur i láthair, Access do bhunachar sonraí, agus go leor leor eile
  • Roghnaigh an leagan de Microsoft Office atá agat chun tús a chur leis an bhfoghlaim inniu!
  • https://edu.gcfglobal.org/en/subjects/office/
 

Bookshare

  • Moltar do gach mac léinn faoi mhíchumas léitheoireachta agus a bhfuil ábhar priontála uathu clárú le NCBI Bookshare.  Tá an Leabharlann dhigiteach inrochtana is mó sa tír ag Bookshare Ireland agus tá sí maoinithe faoi láthair ag an Roinn Oideachais agus Scileanna Cláraigh anseo

    

  Bookshare Royal National Institute of Blind People (RNIB)

SensusAccess

  • Is uirlis tiontaithe doiciméad é SensusAccess a ligeann don fhoireann agus do mhic léinn ábhar léitheoireachta agus taighde a thiontú go formáidí a d’fhéadfadh a bheith níos éasca oibriú leo, cibé acu más comhad Word, formáid ríomhleabhair, nó comhad MP3 atá i gceist a bhfuil tú in ann éisteacht leis. 
 sensus access